Sagart, diagaire, fealsamh agus daonnachaí Críostaí ba ea Desiderius Erasmus as Rotterdam (a rugadh ar 27 nó 28 Deireadh Fómhair 1469 i Rotterdam agus a d'éag ar 12 Iúil 1536 i mBasil, An Eilvéis). Ó Erasmus a tháinig an tuairim ag tús an 16ú haois go raibh an saol spioradálta faoi ionsaí. Cé gur fhan Erasmus ina Chaitliceach dílis deabhóideach bhí síol na corraíle ina chuid scríbhinní ón tús. Spreag sé smaointeoirí agus cléirigh eile chun labhairt amach go neamhbhalbh agus a míshásamh a chur in iúl. Scaip na smaointe sin go tapa i measc lucht léinn mar gheall ar nuatheicneolaíocht an chlóphreasa.[1]

Infotaula de personaErasmus as Rotterdam

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Desiderius Erasmus Roterodamus
Beathaisnéis
Breith28 Deireadh Fómhair 1466
Rotterdam Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Iúil 1536
69 bliana d'aois
Basel Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Áit adhlacthaBasel Minster (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras (1495–)
Collège de Montaigu
City Gymnasium (en) Aistrigh
Ollscoil Torino
Queens' College (en) Aistrigh
Ollscoil Cambridge
Coláiste Sorbonne Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Diadhachta
Comhairleoir dochtúireachtaJan Standonck agus Alexander Hegius von Heek
Áit chónaitheErasmus House (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht Chríostaí agus renaissance humanism (en) Aistrigh
Suíomh oibre Basel (1514–)
Rotterdam Cuir in eagar ar Wikidata
GairmLady Margaret's Professor of Divinity (en) Aistrigh (1510–1515), scríbhneoir, Laidineoir, sagart Caitliceach Rómhánach, múinteoir ollscoile, aistritheoir an Bhíobla, diagaire, scríbhneoir aistí, fealsamh, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Renaissance
FostóirSean-Ollscoil Lováin Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtRenaissance philosophy (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidAlexander Hegius von Heek, Jan Standonck, John Colet agus George Hermonymus
Mac/iníon léinnGabriel Mudaeus, Richard Croke agus Nikolaus Bensrott (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin, an Ollainnis, an Ghréigis agus Eabhrais an Bhíobla
Ord crábhaidhAgaistínigh
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaWolfgang Capito agus Jacob Milich
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 3a791b98-341b-40ee-83f7-3e87afa5993d Discogs: 3122126 Find a Grave: 7557859 Cuir in eagar ar Wikidata
Pictiúir cáiliúil uaidh (1517) le Quentin Massys[2]
Erasmus le Georg Pencz, 1537

Bhí muintir Erasmus i ngreim ag an mbochtaineacht. Chun éalú ó chuing na bochtaineachta, cuireadh an stócach isteach i mainistir de chuid na nAgaistíneach. Rinneadh sagart de.

Chaith Erasmus tréimhse ag déanamh staidéir i bPáras ach in ainneoin gur fhoghlaim sé neart, chuir an cruatan a d'fhulaing sé ansin isteach air. Thaistil sé ó cheann ceann na hEorpa agus chaith sé seal torthúil taitneamhach i Sasana mar ar bhuail sé leis na daonnachaithe mór le rá comhaimseartha sa tír sin ; bhí sé an-mhór le Thomas More agus scríobh Erasmus "In Praise of Folly"[3] in 1511 nuair a bhí sé ag fanacht leis.

Chuir sé neart oibre fiúntach i gcló, uilig scríofa i Laidin, teanga ina raibh a chumas aitheanta go forleathan. Rinne sé chuir síos agus tráchtaireacht ar a lán de na saothar clasaiceach ón seandomhan, agus anuas ar sin, cháin sé an Eaglais Chaitliceach agus rinne sé chuid mhaith mholta le na fadhbanna, nárbh fhéidir a shéanna, a bhí aici a réiteach.

Bhí clú agus cáil ar Erasmus thart fán Eoraip agus neart rialaitheoirí ag lorg a chomhairle. Níorbh ionann daonnachas an tuaiscirt agus daonnachas na hIodáile, áfach. Bhí fonn láidir ar dhaonnachtaigh an tuaiscirt an Eaglais a athleasú.[1]

Thart faoin am seo is ea a thosaigh an Athleasú Creidimh le Martin Luther agus a thacaithe. Deirtear go raibh sé ar chumas Erasmus stop a chuir le seo agus na fadhbanna a réiteach taobh istigh den Eaglais Chaitliceach agus an deighilt a sheachaint. Ach de réir dealramh ní raibh Erasmus sásta idirghabháil a dhéanamh.

 

Tháinig dinnireacht ar Erasmus agus d'éag sé ar an 12 Iúil 1536 i mBasel. Cuireadh é in Ardeaglais Basil.

Mórshaothair

cuir in eagar
  • In Praise of Folly[3]
  • Handbook of a Christian Knight
  • On Civility in Children
  • Julius Excluded
  • The Education of a Christian Prince
  • Novum Instrumentum omne
  • On Free Will
  1. 1.0 1.1 Áine Ní Charthaigh agus Aidan O’Sullivan. "Tuiscint don Ealaín (An Gum), Caibidil 33". Dáta rochtana: 2024.
  2. Hussey, Matt (2011). "Quentin Massys". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 440.
  3. 3.0 3.1 "In Praise of Folly" (as en) (2024-07-06). Wikipedia.