Fóta-ianúchán
Táirgeadh ian le solas nó radaíocht leictreamaighnéadach le dóthain fuinnimh chandamaigh chun leictreoin a bhaint as na hadaimh. Mar shampla, cruthaítear is athchruthaítear ianaisféar an Domhain an t-am ar fad ag radaíocht ultraivialait i radaíocht na Gréine a chruthaíonn iain ó na hadaimh san atmaisféar. Mar shampla eile, cruthaíonn solas a ionsaíonn leathsheoltóirí díseanna leictreon is poll atá bunúsach i bhfeidhmiú griancheall.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fóta-ianúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |