Fear Flatha Ó Gnímh
File ba ea Fear Flatha Ó Gnímh (roimh 1602 - c. 1640) agus is dócha gur le tuaisceart Aontroma a bhain sé.[1] Fuair "Ferflatha Ogneiffe" pardún sa bhliain 1602 agus is cosúil gurb é an fear céanna atá i gceist.
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Fearflatha Ó Gnímh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 1540 |
Bás | c. 1640 99/100 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Bhí Fear Flatha ina fhile ag Uí Néill Chloinne Aodha Buí agus d'fhág sé a lán dánta ina dhiaidh. Chum sé an ceann is déanaí acu uair éigin i ndiaidh na bliana 1638. Tá timpeall dhá cheann déag dá dhánta foilsithe.
Chonaic Fear Flatha an seansaol ag titim as a chéile agus a leithéidí féin ag cailleadh a seanghradaim. Sa dá cheathrú seo a leanas (cuid de dhán níos faide) luann sé muintir Dhálaigh agus muintir Uiginn, dhá dhream a chleacht ceird na filíochta riamh. (Ba ghnách do na filí a saothar a chumadh agus iad sínte ar leaba i mbothán.)
- Ní clos scolaighe, scéal tinn,
- d'Íbh Dhálaigh ná d'fhuil Uiginn;
- ag túr lighe i leabthaibh both,
- dá n-ealtain fhine eolach...
- Tug fógra dhámh an domhain
- is col d'fhágáil d'ealadhain
- fuil chrannda dá cora i gcion
- 's na fola arda íseal.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó GNÍMH, Fearflatha (fl.1602–1640) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ De Brún (1975), lgh 1 - 2
Foinsí
cuir in eagar- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
- Ó Donnchadha, T. (1931). Leabhar Cloinne Aodha Buidhe. Baile Átha Cliath.