Fiabhras deinge
Galar víreasach trom a tharchuireann muiscítí. Bhíodh sí teorannaithe do na trópaicí, ach le himeacht ama is scaipeadh na muiscítí, tá an galar ag scaipeadh freisin. Faigheann cuid de na daoine ionfhabhtaithe na siomptóim chlasaiceacha: fiabhras deinge, tinneas cinn, pianta sna hailt, gríos ar an gcraiceann, agus ina dhiaidh sin marbhántacht is dúlagar. Faigheann cuid eile foirm fhuilreatha den ghalar, le hurlacan, pianta sa bholg, cliseadh an imshruthaithe, agus i gcuid mhaith cásanna, bás.[1]
Tá ceithre shéiritíopa deimhnithe ag víreas deinge; de ghnáth tugann ionfhabhtú le cineál amháin díolúine ar feadh an tsaoil don chineál sin, ach ní thugann sé ach díolúine ghearrthéarmach do na chineál eile. Méadaíonn ionfhabhtú ina dhiaidh sin le cineál difriúil an baol go mbeidh aimhréidheanna tromchúiseacha ann.[2] Tá siomptóim deinge cosúil le go leor galar eile lena n- áirítear maláire, fliú, agus Zika.[3] Tá tástálacha fola ar fáil chun an diagnóis a dheimhniú lena n-áirítear Aigéad ARN víreasach a bhrath, nó antasubstaintí don víreas.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Deinge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.
- ↑ "Dengue | CDC Yellow Book 2024".
- ↑ "StatPearls" (14 November 2022). Treasure Island (FL): StatPearls Publishing. PMID 28613483.
- ↑ "Dengue Diagnosis | CDC" (en-us).
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |