Baile Átha Cliath Fine Gall (Dáilcheantar)
Is toghcheantar parlaiminte é Baile Átha Cliath Fine Gall, a bheidh ionadaíocht aige i nDáil Éireann, teach íochtarach na Parlaiminte nó an Oireachtais, ón olltoghchán seo chugainn de chuid na Dála. Toghfar 5 teachtaí (Teachtaí Dála, ar a dtugtar TDanna orthu). Is éard an modh toghcháin a n-úsáidfear ná an vóta aonair inaistrithe, leagan den ionadaíocht chionmhar.
Baile Átha Cliath Fine Gall | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 2016 |
TDanna reatha
cuir in eagarStair agus teorainneacha
cuir in eagarMhol An Coimisiún um Thoghlaigh ina dtuarascáil sa bhliain 2012 go gcruthófaí, ar an gcéad olltoghchán eile, toghlach nua darbh ainm Fine Gall Bhaile Átha Cliath. Mhol an tuarascáil athruithe ar dháilcheantair na hÉireann, ionas go laghdófar líon iomlán na dTeachtaí Dála ó 166 go 158.
Dhearbhaigh AN tAcht Toghcháin (Leasú)(Dáilcheantair) 2013, go mbeadh [[Baile Átha Cliath Thuaidh ar fad, Sord-An Fhoraois agus Cill Shalcháin ó Bhaile Átha Cliath Thiar agus Baile Ghrífín agus Turnapain ó Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh ionchorpraithe san dáilcheantair nua.
Sainmhíníonn an tAcht 2013 an toghlach mar:
"I gcontae Fhine Gall na toghranna:
Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Bachaille, Baile Ghrífín, Baile Scadán, Gleann Meáin, Domhnach Bat, Baile Gháire, an Choill Naofa, Inis Pádraig, Cill Shalcháin, Cinn Sáile, Lusca, Mullach Íde Thoir, Mullach Íde Thiar, Port Mearnóg Thuaidh, Port Mearnóg Theas, an Ros, na Sceirí, Sord-an Fhoraois,Sord-an Ghlas Mhór, Sord-Halla an Leasáin, Sord-Baile na Trá, Sráidbhaile Shoird;
agus na codanna sin de thoghranna Aerfoirt, Dúbóthar agus Turnapain atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50), ag dul deiseal timpeall agus ag eisiamh chompal Uimh 3 ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le mótarbhealach an M1. "
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
cuir in eagarOlltoghchán 2016: Baile Átha Cliath Fine Gall | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Scair | Comhair 1 | Comhair 2 | Comhair 3 | Comhair 4 | Comhair 5 | Comhair 6 | Comhair 7 | Comhair 8 | Comhair 9 | Comhair 10 | |
Fianna Fáil | Darragh O'Brien | 17.9 | 10,826 | ||||||||||
Independents 4 Change | Clare Daly | 15.7 | 9,480 | 9,552 | 9,827 | 10,566 | |||||||
Fine Gael | Alan Farrell | 12.4 | 7,514 | 7,563 | 7,627 | 7,664 | 7,672 | 8,082 | 8,244 | 8,709 | 8,969 | 9,965 | |
Páirtí an Lucht Oibre | Brendan Ryan | 10.0 | 6,009 | 6,054 | 6,125 | 6,193 | 6,210 | 6,358 | 6,800 | 7,794 | 8,424 | 9,406 | |
Sinn Féin | Louise O'Reilly | 8.7 | 5,228 | 5,246 | 5,314 | 5,621 | 5,719 | 5,858 | 6,193 | 6,465 | 7,911 | 8,771 | |
Fine Gael | James Reilly | 7.7 | 4,666 | 4,699 | 4,735 | 4,767 | 4,767 | 4,955 | 5,259 | 5,549 | 5,756 | 6,215 | |
Fianna Fáil | Lorraine Clifford-Lee | 5.6 | 3,359 | 3,788 | 3,871 | 3,937 | 3,953 | 4,339 | 4,705 | 5,099 | 5,595 | ||
Independents 4 Change | Barry Martin | 4.0 | 2,412 | 2,424 | 2,694 | 3,126 | 3,404 | 3,649 | 4,298 | 5,077 | |||
Comhaontas Glas | Joe O’Brien | 4.6 | 2,783 | 2,802 | 2,964 | 3,105 | 3,125 | 3,430 | 3,758 | ||||
Comhghuaillíocht Neamhspleách | Tony Murphy | 4.1 | 2,503 | 2,520 | 2,679 | 2,863 | 2,896 | 3,104 | |||||
Renua Éireann | Gerry Molloy | 3.5 | 2,091 | 2,139 | 2,219 | 2,326 | 2,355 | ||||||
CFD-CPRB | Terry Kelleher | 3.4 | 2,067 | 2,076 | 2,210 | ||||||||
Neamhspleách | Roslyn Fuller | 1.3 | 772 | 775 | |||||||||
Neamhspleách | Marcus de Brun | 1.0 | 627 | 633 | |||||||||
Neamhspleách | Fergal O'Connell | 0.1 | 51 | 52 | |||||||||
Toghthóirí: 93,486 bailí: 60,388 Millte: 462 Cuóta: 10,065 Vótóirí: 65.1% |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |