Sraith spásárthach de chuid na Stát Aontaithe a úsáideadh chun suirbhéireacht mhiontaifigh a dhéanamh ar an nGealach ó fhithisí os a cionn, mar ullmhúchán do na tuirlingtí a dhéanfadh daoine uirthi i gclár Apollo. Lainseáladh na spásárthaigh i 1966-1967 le ceamaraí ar bord, agus fuarthas na sonraí chun ionaid tuirlingthe Apollo a roghnú. 5 cheann a lainseáladh, agus sholáthair siad sonraí ar gheolaíochtna Gealaí. I lár na 1990idí tosaíodh ar chláir suirbhéireachta nua, Clementine is Sirtheoireacht na Gealaí, a rinne mionstaidéar ar réimse imtharraingthe na Gealaí agus a d'fhionn maiseanna dlútha faoi fharraigí na Gealaí (réimsí ar an dromchla a bhfuil cuma réasúnta leibhéalta orthu, cosúil le farraige).[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.