Fluaraiseacht
Is éard is fluaraiseacht[1] ann ná astú solais infheicthe ó dhromchla ábhair ar a dtugtar fosfar, tar éis don dromchla céanna a bheith imbhuailte ag radaíocht leictreamaighnéadach dhofheicthe eile le tonnfhaid níos lú, mar radaíocht ultraivialait nó X-ghathanna. Braitheann dath nó tonnfhad an tsolais infheicthe ar an bhfosfar, agus is féidir fosfar a roghnú chun aon dath is mian a chruthú. I ngnáthlampa fluaraiseach, bíonn feadán gloine lán de ghal mearcair, agus an taobh istigh den ghloine clúdaithe le fosfar fluaraiseach. Bíonn leictreoidí ag dhá cheann an fheadáin, agus nuair a chuirtear dóthain voltais idir na leictreoidí, ianaítear an ghal, rud a chruthaíonn radaíocht ultraivialait. Ansin nuair a imbhuaileann an radaíocht seo an fosfar, aisradaítear solas infheicthe uaidh sin. Tá lampa fluaraiseach an-éifeachtach, beagnach 4 oiread níos éifeachtaí ná an gnáthlampa gealbhruthach: is é sin le rá go bhfaightear an oiread céanna lúman as lampa fluaraiseach 40 W is a fhaightear as lampa gealbhruthach 150 W.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fluaraiseacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-31.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fluairiseacht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |