Fraochán gorm
Tom duillsilteach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh. Timpeall 20 speiceas. Saothraítear le haghaidh a thorthaí é. Na bláthanna clogchruthach. Na caora suas le 8 mm ar trastomhas, gorm/dubh, inite. Fásann fraochán an toim ísil suas le 30 cm ar airde. Na duilleoga seo lansa-chruthach. Na bláthanna caol, bán le marcanna dearga. Fásann fraochán an toim aird suas le 3 m. Na duilleoga seo éilipseach, na bláthanna scoth-bhándearg, níos leithne.[1]
Vaccinium sect. Cyanococcus | |
---|---|
Sonraí | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Vaccinium |
Section | Vaccinium sect. Cyanococcus A.Gray, 1846 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fraochán gorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol planda é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |