Friedrich Reinitzer
luibheolaí Ostarach
Luibheolaí Ostarach a bhí ag déanamh staidéir ar imoibrithe salainn ar leith, beansóáit cholaistéaróil, i 1888 nuair a thug sé faoi deara go raibh dhá leáphointe ag an gcomhdhúil seo ab ea Friedrich Reinitzer (25 Feabhra 1857 - 16 Feabhra 1927). Ag 149 °C athraíonn an solad chuig leacht teimhneach, agus ag 179 °C athraíonn an leacht teimhneach ina leacht glan. Thaispeáin sé na torthaí seo don fhisiceoir Gearmánach Otto Lehmann (1855-1922) agus thug seisean faoi deara go raibh réigiúin de struchtúir chriostalta mhóilíneacha sa phas teimhneach den leacht. Thug sé an t-ainm criostail leachtacha nó leachtchriostail ar an bpas sin den salann.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Feabhra 1857 Prág |
Bás | 16 Feabhra 1927 69 bliana d'aois Graz, An Ostair |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Czech Technical University in Prague (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir, luibheolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Shéarlais i bPrág Graz University of Technology (en) Czech Technical University in Prague (en) |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Friedrich Reinitzer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |