Fuinneamh laitíse
Sa cheimic,is éard is fuinneamh laitíse ann ná an fuinneamh is gá chun mól solaid ianaigh a thiontú ina iain ghásacha. Is féidir meastachán réasúnta a dhéanamh ar a luach do chuid mhaith comhdhúl, agus an luach sin a úsáid chun fuinnimh eile a ríomh.[1]
Is tomhas é ar na fórsaí comhtháite a nascann solaid ianach. Tá méid an fhuinnimh laitíse ceangailte le go leor airíonna fisiceacha eile lena n-áirítear intuaslagthacht cruas, agus so-ghalaitheachta. Ós rud é nach féidir é a thomhas go díreach de ghnáth, déantar amach an fuinneamh laitíse de ghnáth ó shonraí turgnamhacha tríd an timthriall Born-Haber.[2]
Fuinneamh laitíse agus eantalpacht laitíse
cuir in eagarCuireadh coincheap an fhuinnimh laitíse i bhfeidhm ar dtús maidir le cruthú comhdhúile le struchtúir cosúil le cloch shalainn (NaCl) agus sfalairít (ZnS) áit a bhfuil na hiain i suíomhanna laitíse criostail ard-siméadrachta. I gcás NaCl, is é fuinneamh laitíse an t - athrú fuinnimh ar an imoibriú;
Na+ (g) + Cl- (g) → NaCl(s), arb ionann é agus −786 kJ/mol.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh laitíseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.
- ↑ Atkins (2010). "Shriver and Atkins' Inorganic Chemistry". New York: W. H. Freeman and Company.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |