GaelVóta
Is feachtas é #GaelVóta chun cur ina luí ar an aos polaitiúil cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.
Cineál | feachtas vótála |
---|---|
Bailíocht | 2024 - |
Tír | Éire |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Sprioc | cearta teanga, buanú teanga, athbheochan teanga agus tithíocht |
Suíomh gréasáin | cnag.ie… |
Haischlib | #GaelVóta |
Cúlra
cuir in eagarBíonn formhór mór na bpáirtithe polaitiúla ag rá go bhfuil siad báúil don Ghaeilge, ach rialtas i ndiaidh rialtais ní dhéanann siad beart de réir a mbriathair.[1][2]
Rinneadh ciorruithe millteanacha ar an tacaíocht ón Stát in aimsir na déine tar éis géarchéime na mbanc[3] agus cé go bhfuil borradh faoin ngeilleagar anois, tá "bonn íseal stairiúil" faoin tacaíocht don Ghaeilge go fóill ó shin.[4]
Cur chuige
cuir in eagarLe blianta beaga anuas bíonn Conradh na Gaeilge ag foilsiú éilimh chun an scéal sin a réiteach, agus á gcur faoi bhráid na bpolaiteoirí a bhíonn ag seasamh i dtoghcháin in Éireann. Molann an Conradh do phobal na Gaeilge gealltanas seasmhach a lorg ó na iarrthóirí ina dtaobh.
"Nuair a chnagann polaiteoir ar do dhoras, cuir ceist orthu: cad é a dhéanfaidh tusa don Ghaeilge agus don Ghaeltacht? Ansin nuair atá an comhrá sin tosnaithe, go gcuirfear ceist 'an bhfuil tusa sásta tacú leis an bPlean Fáis, an Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus an gcuirfidh tú chun cinn é le do pháirtí?"[5]
"Tá ról againn ar fad le dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí"[5] a deir siad, toisc go mbíonn polaiteoirí "ag bailiú aiseolais, agus cuireann siad ar ais sa chóras é atá ag gach páirtí polaitiúil, agus nuair a fheiceann siad na rudaí atá ag teacht chun cinn ag na doirse, tugann siad aird air sin."[5]
Féach freisin
cuir in eagar- Olltoghchán na hÉireann, 2024
- TINTEÁN (feachtas tithíochta Gaeltachta)
- Conradh na Gaeilge
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Éanna Ó Caollaí (17 Meitheamh 2024). "Pobal na Gaeilge ‘tinn tuirseach’ de bheith lasmuigh den Dáil". The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Marcus Ó Conaire (2019-12-27). "Seasann polaiteoirí go díongbháilte ar son na Gaeilge go dtí go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Ó Ceallaigh, Ben (1 Nollaig 2021). "Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018". COMHARTaighde (7). doi: . ISSN 2009-8626.
- ↑ Conradh na Gaeilge. "#GaelVóta 2024 - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Conchúr Ó Faoláin (20-11-2024). "Tá tábhacht leis an 'Gaelvóta' sa toghchán: Conradh na Gaeilge". Seachtain / The Irish Independent.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |