Gallfheochadán
Planda láidir ilbhliantúil atá dúchasach do dheisceart na hEorpa is ea an gallfheochadán.[1] Fásann sé 30-80 cm ar airde. Na duilleoga mór, deighilte go domhain, spíonach. Na bláthanna i spíce fada, siogamorfach déliopach, bán le féitheacha corcra. Meastar gur duilleoga an phlanda seo, nó planda cosúil leis, a sholáthair móitíf choiteann maisithe san ealaín is ailtireacht chlasaiceach.[2]
Acanthus mollis | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Acanthaceae |
Géineas | Acanthus |
Speiceas | Acanthus mollis L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Acanthus mollis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gallfheochadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |