Is éard is geimhriú[1] ann ná straitéis ag mamaigh is ainmhithe áirithe, tréimhse fhuar an gheimhridh a chaitheamh i staid mharbhánta nó shuaimhneach. Laghdaítear an mheitibileacht agus téann an t-ainmhí i gcodladh domhain, ag maireachtáil ar chistí bia atá stóráilte ina cholainn i rith an tsamhraidh roimhe sin. Tugtar samhrú ar straitéis den saghas céanna chun maireachtáil trí shamhradh te tirim.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): geimhriú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Geimhriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 311.