George Francis Fitzgerald
fisiceoir Éireannach
Fisicí turgnamhach a saolaíodh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath ab ea George Francis Fitzgerald (1851-1901). Rinne sé taighde ar optaic is leictridinimic. Réamhinis sé go nginfeadh sruth ailtéarnach i sreang tonnta leictreamaighnéadacha sa timpeallacht, rud a chruthaigh Hertz go turgnamhach i 1888. D'eascair teileagrafaíocht, raidió, teilifís, teileafóin iniompartha, teileachumarsáid, loingseoireacht le satailítí, agus a lán eile as seo. Neamhspleách ar Lorentz, chonchlúidigh sé go mbíonn an chuma ar réad atá faoi ghluaisne go bhfuil sé craptha is níos giorra do bhreathnadóir fosaithe: giorrú Fitzgerald-Lorentz. Níos déanaí, bhain Einstein feidhm as an léargas seo ina theoiric choibhneasachta speisialta.
George Francis Fitzgerald | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, 3 Lúnasa 1851 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Baile Átha Cliath, 22 Feabhra 1901, 21 Feabhra 1901 |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Leibhéal oideachais | ollamh |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | fisiceoir agus múinteoir ollscoile |
Fostóirí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Duaiseanna | |
Ballraíocht | An Cumann Ríoga Lucht Maxwell |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |