Gilín (iasc)
speiceas iasc
(Athsheolta ó Gilmín)
Iasc beag fionnuisce le colainn chaol chomhbhrúite is ea an gilín.[1] An-choitianta in aibhneacha ar thalamh íseal san Eoraip. Suas le 15 cm ar fhad. Maireann sé i scoileanna, agus itheann crústaigh is feithidí ag an dromchla. Bhaintí feidhm as na criostail airgeadacha óna lanna le péarlaí saorga a dhéanamh tráth.[2]
Alburnus alburnus | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 789 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Cypriniformes |
Fine | Cyprinidae |
Géineas | Alburnus |
Speiceas | Alburnus alburnus Linnaeus, 1758 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Alburnus alburnus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |