Planda trópaiceach féithleannach le fréamhacha tiúbracha inite stáirseacha. Suas le 60 speiceas tábhachtach mar bhia in oirdheisceart na hÁise, iarthar na hAfraice agus Meiriceá Theas. Is féidir na fréamhacha a fhiuchadh, a bhácáil, a mheilt ina bplúr, nó a thabhairt do stoc. Le blianta anuas tá speicis ar leith tagtha le bheith tábhachtach mar fhoinse ceimiceáin, cosúil le stéaróideach i bhfrithghiniúnaigh béil.

Dioscorea sp.