Josef Stefan
Fisicí a rugadh i Sveti Peter na hOstaire (Celovec inniu) ab ea Josef Stefan (24 March 1835 – 7 Eanáir 1893). Tá cáil air as a thaighde ar radaíocht teasa, a thosaigh sa bhliain 1879.
Josef Stefan | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Sentpeter (en) ![]() |
Náisiúntacht | Impireacht na hOstaire An Ostair-Ungáir |
Áit chónaithe | An Ostair |
Teanga dhúchais | An tSlóivéinis |
Bás | Vín, 7 Eanáir 1893 |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Vín |
Stiúrthóir tráchtais | Andreas von Ettingshausen |
Mic léinn dochtúireachta | Johann Josef Loschmidt Marian Smoluchowski Ludwig Boltzmann |
Teangacha | An tSlóivéinis |
Múinteoirí | Karel Robida (en) ![]() |
Mic léinn | Leopold Gegenbauer Sigmund Freud |
Gairm | |
Gairm | matamaiticeoir, fisiceoir, file, acadóir, scríbhneoir agus ollamh |
Fostóirí | Ollscoil Vín |
Saothar iomráiteach | Dlí Stefan-Boltzmann Stefan-Boltzmann constant (en) ![]() |
Duaiseanna | Lieben Prize (1865) |
Ballraíocht | Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire |
SaotharCuir in Eagar
Rinne Stefan amach dlí Stefan, no an Dlí Stefan-Boltzmann, ar bhonn turgnamhach le cur síos ar astú teasa ó dhromchla te. Astaítear teas i bhfoirm radaíochta infridheirge thar raon tonnfhad. Agus ábhar á théamh, astaíonn a dhromchla solas infheicthe chomh maith le radaíocht infridhearg.
De réir mar a ardaíonn teocht an dromchla, is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón dromchla te. Ag tosú leis an dlí seo, d'éirigh leis an chéad mheastachán maith a dhéanamh ar theocht dhromchlach na Gréine.
Lean fisiceoirí eile ag iarraidh bonn teoiriciúil a chur faoi dhlí Stefan, agus tháinig an saothar seo chun buaice le céim an-suntasach chun cinn sa bhfisic i dteoiric chandamach a chéadshaothraigh Max Planck i 1905.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |