File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Seosamh Máire Pluincéad (21 Samhain, 18874 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a thugtaí air as Béarla. Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ba ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.

Infotaula de personaSeosamh Pluincéad

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Samhain 1887
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Bealtaine 1916
28 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Stonyhurst Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, iriseoir, Easparantóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhillteach
GéillsineÓglaigh na hÉireann
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca
Teaghlach
AthairAn Cunta Pluincéad
SiblínFiona Plunkett, Seoirse Oilibhéar Pluincéid agus Geraldine Plunkett Dillon

IMSLP: Category:Plunkett,_Joseph_Mary Find a Grave: 4268 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus sa Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh Esperanto, an teanga idirnáisiúnta, acu. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, áit ar bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saolta.

Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.

Éirí amach na Cásca cuir in eagar

Ba é Pluincéad a chruthaigh beartaíocht na réabhlóidithe le haghaidh an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé le fáil in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraic Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. Ba é Micheál Ó Coileáin an aide de camp óg a bhí aige. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann mórán a dhéanamh i rith na seachtaine.

Bás cuir in eagar

Ghéill na ceannaircaigh ar 29 Aibreán agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a ghrá geal Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sí.

Tagairtí cuir in eagar