Osclóidh seo an príomhroghchlár
Tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí: Féilire Coligny, Lyon, An Fhrainc[1].

Is é Lá Samhna an chéad mhí den geimhreadh in Éirinn. Bliain úr na SeanCheilteach a bhí ann fosta, an fhéile ba thábhachtaí sa bhliain ar fad[2]. Inniu ceiliúrtar Lá na Naomh Uile ar 1 Samhain freisin.

Níl na teangeolaithe ar aon intinn faoin chiall cheart atá leis an fhocal Samhain. Creideann cuid de na saineolaithe gur samhfhuin atá ann, nó ‘deireadh an tsamhraidh’ ach ina éadan sin, tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí idir Mí Dheireadh Fómhair agus Mí na Samhna fosta[3].

Bliain úrCuir in Eagar

Ach ní gnáthfhéile a bhí i Samhain. Bliain úr na Sean-Cheilteach a bhí ann fosta, an fhéile ba thábhachtaí sa bhliain ar fad. Agus ní amháin sin, ach bhí Oíche Shamhna idir bliain amháin agus an bhliain dar gcionn.  I gcreideamh na Sean-Cheilteach, bhí tábhacht ar leith ag baint le teorainneacha, le háiteanna (oileáin, portaigh) nó le hamanna (Oíche Shamhna) a bhí idir-eatarthu, nach raibh i saol amháin ná i saol eile.

Toisc Oíche Shamhna a bheith suite idir bliain amháin agus bliain eile, idir geimhreadh agus samhradh, bhí sí taobh amuigh den ghnátham ar fad, dar lenár sinsear. Ní raibh na gnáthrialacha i bhfeidhm ar chor ar bith, agus bhí saoirse ag spridí agus ag anamacha na marbh filleadh ar an saol seo ar Oíche Shamhna.

NósannaCuir in Eagar

Is minic a bhíodh daoine óga ag déanamh fáistine nó asarlaíochta ar an oíche seo lena fháil amach cad é a bhí i ndán dóibh. Mar shampla, chuirtí dallamullóg orthu, agus bhíodh orthu rogha a dhéanamh idir thrí bhabhla. Bhíodh cré i gceann amháin de na babhlaí, uisce i gceann eile agus fáinne sa tríú ceann. Is é an bás a bhí i ndán don duine bocht a roghnaigh an chré, bhí eisimirce i ndán don duine a roghnaigh an t-uisce, agus bhí an duine a roghnaigh an fáinne ag dul a phósadh.

Fadó ó shin, bhíodh féasta trí lá ag Teamhair gach bliain leis an tSamhain a cheiliúradh.

 
tine chnámh, BÁC, 2006

Tá cuid mhór sean-nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna beo in Éirinn agus thar lear go fóill agus de réir cosúlachta, is ag dul i neart atá siad ó bhliain go bliain.

Bíonn páistí ag dul ó theach go teach agus iad i mbréagriocht ag déanamh ‘Bob nó Breab’.  Itheann siad úlla, cístí, milseáin, toirtíní úll.

Bíonn tinte ealaíne agus féilte móra ar na sráideanna sna cathracha móra in Éirinn, i Meiriceá agus i dtíortha nach iad. Tá clú ar Dhoire as an chóisir mhór a reáchtáiltear sa chathair sin gach bliain. De réir an scríbhneora Chonallaigh Seán Mac Meanmain, bhíodh nós ann fadó cál nó cabáiste a dháileadh ar gach teach ar an sráidbhaile Oíche Shamhna, ionas go mbeadh cál agus coirce acu don bhrot, an t-anraith traidisiúnta a dhéantaí Lá Samhna. D’fhágtaí cabáiste ar leac an dorais. Bhí ar an duine istigh ‘Síocháin Dé chugaibh! Seo chugainn an tSamhain!’ a scairteadh trí huaire as a chéile. Ach chuir an t-aos óg an nós seo as a riocht. Thosaigh siad a chaitheamh cabáiste leis an doras, nó isteach fríd an fhuinneog fiú! Is mar sin a tháinig ‘Bob nó Breab’ ar an saol, is dócha.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Léon Rosenthal. "La Bronze de Coligny: FLORILEGE DES MUSÉES DU PALAIS DES ARTS". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  2. bbc.co.uk
  3. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.