Leictreaphlátáil
Deascadh miotail, airgead nó nicil de ghnáth, ar mhiotal eile trí leictriliú. Úsáidtear an réad atá le plátáil mar chatóid i vóltaiméadar, agus is ón anóid a thagann an miotal a dheascfar. Déantar an próiseas seo mar mhaisiúchán, nó cosaint i gcoinne creimthe. Mar shampla eile, má bhíonn leictreoidí copair is leictrilít chaolaithe sulfáit chopair sa voltaiméadar, nuair a sheoltar sruth isteach san anóid, ascnaíonn na hiain chopair Cu++ amach ón anóid sa tuaslagán go dtí an chatóid. Ag an am céanna, athchomhcheanglaítear na hiain chopair le leictreoin ag an gcatóid chun adaimh chopair a chruthú. Plátáiltear an copar adamhach ar an gcatóid diaidh ar ndiaidh mar seo. Tugtar deascadh leictriceimiceach nó leictreaphlátáil ar an bpróiseas seo. Ag an am céanna, dianscaoileann is tuaslagann an anóid copair de réir a chéile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leictreaphlátáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |