Slam Filíochta Liú Lúnasa
Comórtas filíochta ó bhéal is ea Slam Filíochta Liú Lúnasa ina ngabhann "filí na Gaeilge in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint."[1] Bíonn sé ar siúl gach bliain mar chuid den fhéile imill Liú Lúnasa. Áirítear é mar cheann de na himeachtaí is spleodraí i bhféilire na hÉireann.[2]
| ||||
Cineál | slam filíochta comórtas | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Liú Lúnasa | |||
Bailíocht | 2017 - | |||
Suíomh | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
Tír | Éire | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge | |||
Buaiteoir | ||||
Stair
cuir in eagarTá an Slam Filíochta "ag dul ó neart go neart ó cuireadh ar bun é" in 2017 agus luaitear mar cheann de buaicphointí na Féile Liú Lúnasa é.[3][4] Déanann sé "ceiliúradh ar achan rud a sheasann an fhéile ar a son: An Ghaeilge, cultúr gaelach agus cultúr ar an imeall a chur chun cinn."[3]
Cur chuige
cuir in eagarRud nach ionann agus comórtais liteartha eile, bíonn tábhacht faoi leith ag baint le teacht i láthair sa Slam – "Ní amháin go bhfuil tábhacht agus béim leagtha ar an chumadóireacht, tá tábhacht mhór leis an léiriú chomh maith: an bealach a chuirtear an píosa slam i láthair, tuin, guth, mothúchán, béim srl."[5]
Is preabchúirt í an Slam. Snagstáitse. Fás-aon-oireachtais. Aonach ársa úr-éigse.
Ócáid go dtagann gramaisc le chéile d’fhonn duine den slua a ghríosadh chun filíochta, agus tathant ar an té sin a gcéadfaithe a dhúiseacht agus a mbrionglóidí a bhriathrú. |
—Séamus Barra Ó Súilleabháin[6] |
Níl teorainn ar bith ó thaobh ábhair ná stíle. Is cuma iad ciúin glórach, geal riabhach, éagsúil nó ait.[6] Tá "scoth na bhfilí" tar éis leas a bhaint as an "ardán an-spéisiúil" a chuireann an Slam Filíochta ar fáil dóibh chun dul i ngleic le réimse leathan téamaí ón ngéarchéim tithíochta go dtí stair fada na ndaoine aiteacha.[7]
Buaiteoirí
cuir in eagarBronnadh Duais Aitheantais ag Slam '17 ar Tuán Ó Ruanaidh.[19]
Féach freisin
cuir in eagar- Liú Lúnasa
- Ciara Ní É (céad áit in 2024)
- REIC
- An Fhéile Bheag Filíochta
- Rapcheol Gaeilge
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Bí san iomaíocht sa Slam
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa". NÓS (2024-08-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ "Ireland's Only Irish-Language Poetry Slam Returns" (en-IE). Boundless & Bare (2024-08-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-29.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "❗4 LÁ LE D'IARRATAS A CHUR ISTEACH AR AN SLAM FILÍOCHTA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ Roibeard Mac Maoláin (28 Lúnasa 2024). "Liú Lúnasa: Féile na nGael óg ag teacht in aibíocht i mbliana". Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
- ↑ Ciara Ní É (27 Iúil 2021). "Slam Liú Lúnasa". Mise Ciara. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2021. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
- ↑ 6.0 6.1 Séamus Barra Ó Súilleabháin (2017-08-20). "Slam filíochta Liú Lúnasa". An tUltach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2023. Dáta rochtana: 2024-08-29.
- ↑ "Tugann Sam leis an Slam agus duais £500". Irish Independent (01 Meán Fómhair 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
- ↑ Liú Lúnasa. "Slam Filíochta 2024". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ Liú Lúnasa (28 Lúnasa 2023). "An Slam Filíochta Liú Lúnasa 2023!". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sam Ó Fearraigh". NÓS (30 Lúnasa 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 2024-08-31.
- ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin". NÓS (29 Lúnasa 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 01 Meán Fómhair 2024.
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin (28 Lúnasa 2020). "Slam Filíochta Liú Lúnasa agus imeachtaí eile". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2019). "SLAM FILÍOCHTA 2019". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ NÓS (2021-01-05). "'Línte scríte i ngarraí mo smaointe' - dán nua dianghlasála le Colm Mac Gearailt". NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-31.
- ↑ "Slam filíochta, Margaret Thatcher, agus tiúns - NÓS". NÓS (17 Iúil 2019). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ BLOC (28 Lúnasa 2018). "Liú Lúnasa 2018 | Buaiteoirí Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ Liú Lúnasa (8 Lúnasa 2018). "Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ Siún Ní Dhuinn (21 Meán Fómhair 2021). "Slam Bhéal Feirste ag Liú Lúnasa". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2017). "Facebook". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.