Is éard atá i gceist le máinliacht phlaisteach[1] ná nódú craicinn is fíochán fo-chraicneach ó ionad sláintiúil ar an gcolainn go dtí ionad a ndearnadh damáiste dó trí ghalar, gortú, tráma, nó dó. Go minic, is gá an próiseas a dhéanamh i gcéimeanna chun fairsingí nochtaithe is easpaí fíocháin a chlúdach. Cuimsionn sí obráidí a dhéantar ar chúiseanna cosmaideacha freisin, cosúil le teannadh cneas aghaidhe, athmhúnlú sróine, méadú cíoch, saill mhímhaiseach a bhaint, is a lán eile.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.