Méaracán gorm
Planda caol ilbhliantúil le stólain fhéitheacha faoin talamh, dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh is ea méaracán gorm[1] (Campanula rotundifolia). Tugtar an cloigín gorm air freisin mar ainm coitianta. An gas cothrománach ag a bhun, ag éirí ceartingearach. Fásann sé 40 cm ar airde. Na duilleoga íochtaracha croíchruthach fiaclach, ag éirí níos caoile iomláine in airde ar an ngas. Na bláthanna, cloigíní cúigmhaothánacha, timpeall 1.5 cm ar leithead, gorm (ach bán go hannamh), cuid mhaith díobh cromtha ar ghais chaola.[2]
Campanula rotundifolia | |
---|---|
Planda | |
Dath na mbláthanna | Parma (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Campanulaceae |
Géineas | Campanula |
Speiceas | Campanula rotundifolia L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Campanula rotundifolia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Méaracán gorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 445.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |