Tá dhá phlanda leis an ainm seo ann, iad araon dúchasach do réigiúin mheasartha. Is planda díreach ilbhliantúil a fhásann timpeall 60 cm ar airde an macall coille, a dtugtar luibh Bennett air freisin. Bíonn na duilleoga roinnte i nduilleoigíní beaga éagothroma le duilleoigín mór foirceanta maothánach, na bláthanna cúigpheitealach ingearach buí le peitil spréite, gob crúcach ar na torthaí a dhéanann ceann cosúil le leadán. Tá an macall uisce cosúil leis seo, ach a bhláthanna babhla-chruthach cromtha, le peitil scothbhándearga.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMacall
Geum Cuir in eagar ar Wikidata

Geum coccineum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
GéineasGeum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
  1. Hussey, Matt (2011). "Macall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.