Maolán mac Cathmhogha

rí Éireannach

Mhaigh Sheola ba ea Maolán mac Cathmhogha (Meán-Ghaeilge Maelán mac Cathmogha) (bás 848).

Infotaula de personaMaolán mac Cathmhogha
Beathaisnéis
Bás848 (Féilire Ghréagóra)

Is amhlaidh go raibh Maolán ar cheann desna ríthe Mhaigh Sheola (níos deireanaí Uí Bhriúin Seola) is luaite dá bhfuil fianaise ann. Ní fheictear é áfach sna ginealaigh. Is dócha ámh gur cumadh ginealach Uí Bhriúin níos deireanaí, trí Dauí mac Brióin sa 5ú haois, um stádas saorthuaithe a bhaint amach agus a gcumhacht ón tSionainn go dtí an Cuan Mó a daingniú.[1] Más fíor seo uile, is amhlaidh gur chomhghuaillithe Uí Bhriúin iad Maolán agus a shliochtaigh, Muintir Mhurchadha, ní gaolta leo.

Thart timpeall Mhaigh Sheola, bhí: Soghain Uí Mhaine thoir; Conmaícne Máenmaige agus Uí Fhiachrach Aidhne theas; Dealbhna Thír Dhá Loch thiar Conmhaicne (Réin) thuaidh.

Ruathair Lochlannach

cuir in eagar

Le linn an chéad leath den 9ú haois, thug na Lochlannaigh ruathair faoi Éirinn. Tharla roinnt acu i gcúige Chonnacht:

  • AU 812.8: Ar gennte la firu h-Umhaill. Ar Conmaicne la gennti.
  • AU 813.4: Ar n-Umill la gennti ubi ceciderunt Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rex h-Umill.
  • ACM 835.10: Cluain Mhór M' Aedhocc do losccadh oidhche Nodlacc la Gallaibh, ... Crioch Connacht uile do diothláithriughadh (díláithriú) leó mar an c-cédna
  • ACM 837.13: Sraoinedh[2] ria n-geintibh for Connachtaibh, in ro marbhadh Maol Dúin, mac Muirghesa, mic Tomaltaigh, co sochaidhibh amaille fris.
  • ACM 843.13: Slóighedh[3] la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh, co ro airccseat[4] Connachta & Midhe, & ro loiscseat Cluain Mic Nóis cona derthaighibh,[5] & Cluain Fearta Brénainn, Tir Dá Ghlas, Lothra & cealla iomdha archena.
  • ACM 844.12: Sraoineadh for Connachtaibh ria n-Gallaibh, in ro marbhadh Riagán, mac Feargusa, & Mughron, mac Diarmada, & Aodh mac Catharnaigh, co sochaidhe oile.
  • ACM 847.17:
Muirfhecht secht fichit long do mhuinntir rí Gall do thocht do thabhairt ghrema forsna Galla ro bhádar ar a c-cinn i n-Erinn, gur mhesg-bhuaidhirset Ere etorra.
Loingeas seacht bhfichid do mhuintir rí Gall do theacht do thabhairt greamanna ar na Gaill a bhí in Éirinn rompu, gur measc-bhuaireadar Éire eatarthu.

Agus sa deireadh:

  • ACM 848.8: Maelán, mac Cathmogha, tigherna Ua m-Briuin Deisceirt Connacht [go mí-aimseartha], do mharbhadh la Gallaibh.
  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. F. J. Byrne, Irish Kings and High Kings
  2. sraonadh, maidhm, ruaig; ria == ag, for = ar
  3. slógad, slúagad, sluaíocht
  4. LeD
  5. dairthech, dairtheach, aireagal


Réamhtheachtaí
Donn mac Cumascaigh?
Ríthe Mhaigh Sheola
?–848
Comharba
Murchadh mac Maonaigh