Mary Elizabeth Byrne

teangeolaí Éireannach

Acadóir agus gníomhaí teanga a bhí i Mary Elizabeth Byrne, M. A. (2 Iúil 1880 – 19 Eanáir, 1931) a rugadh ag 1 Rae Cavendish, Baile Átha Cliath.[1]

Infotaula de personaMary Elizabeth Byrne
Beathaisnéis
Breith2 Iúil 1880
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Eanáir 1931
50 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil na hÉireann (–1905)
Ollscoil Ríoga na hÉireann
Dominican College Sion Hill (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, aistritheoir, teangeolaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Gradam a fuarthas


Musicbrainz: eeec8694-3d10-4556-9edc-a40246b3c1ab Cuir in eagar ar Wikidata

Stáiseanóir ba ea a hathair Charles san am sin ach faoi 1901 is siopa nuachtán ag 35 Sráid Sackville Uachtarach, a bhí aige, agus is ann a bhí cónaí ar an gclann. B’as Baile Átha Í, Co. Chill Dara, do Charles. Nuair a fuair sé bás 17 Márta 1909 bhí fógra i nGaeilge in An Claidheamh Soluis. Ba í Mary Doran, arbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í, a máthair. Bhí Angela, iníon eile, ina cónaí leo oíche an Daonáirimh. I 1911 ba í Mary a líon foirm an Daonáirimh isteach i nGaeilge.

Tar éis bheith ar scoil ag na Doiminicigh i Sráid Eccles rinne sí máithreánach na hOllscoile Ríoga agus tá a hainm i measc na mac léinn a cláraíodh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1901. Bhí cuid mhaith Gaeilge foghlamtha aici cheana féin mar ar 26 Meán Fómhair 1902 bhí sí i measc na ndaoine ar bronnadh duaiseanna agus teistiméireachtaí orthu ag Cúirt Chuimhne an Phléimeannaigh i Halla na mBuachaillí, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Bhain sí amach céim mháistir 1905 le honóracha den chéad ghrád. Bhuaigh sí freisin bonn óir an tSeansailéara ar phrós Béarla. I 1905 freisin chuir sí a hainm le hachainí go gcuirfí scrúdú simplí Gaeilge ar iarrthóirí le haghaidh scoláireachtaí agus go bhféadfadh cailíní cur isteach orthu sin (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905). Nuair a bhuaigh sí scoláireacht le haghaidh Scoil Ard-Léinn na Gaeilge an bhliain dár gcionn cuimhníodh go mba bhall den Chonradh í (idem 20 Meitheamh 1906). Bhí sí ar choiste Chraobh na gCúig gCúigí 1907. Bhí buíon Sean-Ghaeilge faoina cúram sa Chraobh sin ó Dheireadh Fómhair 1915 amach. Thoghfaí í ina Leas-Uachtarán ar an gcraobh ar ball.

Ba bhall í de choiste na mac léinn fad a bhí sí ag Scoil Ard-Léinn na Gaeilge, in éineacht le R.I.Best, Pádraig Ó Brolcháin, Seosamh Laoide, Máire Ní Chinnéide, James George O’Keeffe, Eoghan Ó Neachtain, agus Éamonn Ó Néill (BÁC).

Chaith sí tamall maith ag obair ar fhoclóir Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann ón uair a ceapadh í féin agus Maud Joynt mar chúntóirí ag Marstrander i 1909. ‘... she was especially suited for work which was necessarily teamwork and which gave her plenty of opportunity for helping others’, dúirt Myles Dillon in Revue Celtique, XLVIII 1931. Tá a hainm le fasciculus G a foilsíodh 1955.

Chuir sí síos i nDaonáireamh 1911 go raibh sí ina hollamh le Fraincis agus go raibh obair thaighde ar siúl aici. Rinne sí obair ar chatalóg lámhscríbhinní an Acadaimh agus i gcomhar le Myles Dillon chuir sí Táin bó Fraích, 1933 in eagar. Bhí sí ag obair ag am a báis ar ‘Togail Troi’.

D’éag sí 19 Eanáir 1931 ag 124 Sráid Bhagóid, Íochtarach, Baile Átha Cliath. Deirtear in An Claidheamh Soluis 7 Feabhra 1931 gur tháinig taom breoiteachta uirthi i mí Lúnasa. Bhí sí i Londain an samhradh sin ag léachtóireacht ag an gComhdháil Cheilteach i dtaobh na mban i ndlíthe na mbreithiún. Tá sí curtha i nGlas Naíon. Bhunaigh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ‘The Mary Byrne Medal for Early Irish Studies’ i gcuimhne uirthi.

Tá aistí agus aistriúcháin dá cuid in Revue Celtique, Ériu, Irish Monthly, Anecdota from Irish Mss, Journal of Theological Studies,.... Is ar a haistriúchán de ‘Rob tu mo bhoile’ (Ériu 2, 89 1905) a bhunaigh Eleanor Hull a hiomann ‘Be thou my vision’. D'aistrigh sí [2] an t-iomann Sean-Ghaeilge, "Bí Thusa 'mo Shúile," go Béarla mar "Be Thou My Vision" in Ériu (san iris de chuid 'The School of Irish Learning') sa bhliain 1905.[3][4]

Ba theangeolaí í Byrne, a fuair a cuid oideachais ón Chlochair Dhoiminiceach i mBaile Átha Cliath, agus ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, áit a bhuin sí céim amach sa bhliain 1905.[5] Fuair sí Bonn Óir an tSeansailéra  ag Ollscoil Ríoga na hÉireann.[6] D'oibrigh sí le haghaidh an Bhoird Oideachais Idirmheánach, agus chabhraigh sí leis an díolaim 'an Chatalóg', de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.[7] D'oibrigh sí chomh maith leis an Old and Mid-Irish Dictionary agus an Dictionary of the Irish Language, agus scríobh sí treatise ar 'England in the Age of Chaucer'..[8][9]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BYRNE, Mary Elizabeth (1880–1931) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Robert K. Brown and Mark R. Norton.
  3. Ériu, vol. 2, Dublin, 1905
  4. The United Methodist Hymnal (Nashville, TN; The United Methodist Publishing House, 1989), Hymn 451
  5. Katie Donovan, A. N. Jeffares, & Brendan Kennelly, eds., Ireland’s Women (Dublin: Gill & Macmillan 1994); Gerald Dawe, ed., The Younger Irish Poets (Blackstaff [1982]; poems, rev. 1991), pp.65-73.
  6. LindaJo H. McKim.
  7. Raymond F. Glover.
  8. Kenneth W. Osbeck. 101 More Hymn Stories.
  9. C. Michael Hawn.