Mary Parsons
Thosaigh Mary Parsons (née Field) (1813 – 1885) ar an ngrianghrafadóireacht go luath i ndiaidh a fionnachtana. Phós sí William Parsons, an 3ú larla Rosse, in 1836 agus le chéile rinneadar athógáil ar Chaisleán Bhiorra, teach a mhuintir siúd. Thóg sí seomra dorcha i gCaisleán Bhiorra, mar ar réal is a ndearna dearbhchlónna sármhaithe dá clann, an caisleán is an teileascóp mór. Le linn an Ghorta Mór, d'fhostaíodar 500 de mhuintir na háite. Bhuaigh sí bonn airgid Chumann Grianghrafadóireachta na hÉireann i 1859.
Mary Parsons | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Yorkshire, 1813 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | 1885 |
Muintir | |
Athair | John Wilmer Field |
Céile/Céilí | William Parsons (Aibreán 14, 1836 - unknown value) |
Páistí |
liosta iomláin
|
Gairm | |
Gairm | grianghrafadóir, gabha agus ealaíontóir |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |