Laurence Parsons
Mac le William is Mary Parsons, 4ú Iarla an Rois, réalteolaí a rugadh i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí, in Éirinn, ab ea Laurence Parsons (17 Samhain 1840 – 29 Lúnasa 1908). Rinne sé feabhsuithe ar an dá theileascóp i bhfoirm cloig uisce chun na struchtúir mhóra throma a thiomáint is a dhíriú. Ghnóthaigh sé cáil as a thomhais leis an teileascóp 0.9 m ar theocht dhromchla na Gealaí agus grafanna na teochta ar feadh línte uirthi. Níor tuigeadh tábhacht na dtomhas seo go dtí blianta fada ina dhiaidh sin.
Laurence Parsons | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Meitheamh 13, 1892 - Lúnasa 29, 1908 - William Parsons, 5th Earl of Rosse (en) ![]() | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Biorra, 17 Samhain 1840 | ||||
Náisiúntacht | Éire | ||||
Bás | 29 Lúnasa 1908 | ||||
Muintir | |||||
Athair | William Parsons | ||||
Máthair | Mary Parsons | ||||
Céile/Céilí | Frances Cassandra Hawke-Harvey (en) ![]() | ||||
Páistí | |||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||
Oideachas | |||||
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | ||||
Gairm | |||||
Gairm | réalteolaí | ||||
Duaiseanna | |||||
Ballraíocht | Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina An Cumann Ríoga |
Rugadh Parsons i gCaisleán Bhiorra, Parsonstown, i gContae Uíbh Fhailí (Contae an Rí ag an am). Réalteolaí ab ea athair Laurence chomh maith, a thóg an teileascóp mór ar a tugadh "the Leviathan of Parsonstown". Réalteolaí amaitéarach agus grianghrafadóir a bhí ina mháthair, an Chuntaois Rosse (née Mary Field).
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |