Iriseoir agus scríbhneoir Rúiseach-Mheiriceánach is ea Maria Alexandrovna Gessen (Rúisis: Мари́я Алекса́ндровна Ге́ссен), nó Masha Gessen mar is fearr aithne uirthi. Rugadh í ar 13 Eanáir 1967 i Moscó. Is cainteoir neamhbhalbh ar Vladímír Pútín agus Donald Trump í. Cónaíonn sí sna Stáit Aontaithe.

Infotaula de personaMasha Gessen

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Мария Гессен
Beathaisnéis
Breith13 Eanáir 1967
57 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMoscow State School 57 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, aistritheoir, gníomhaí, scríbhneoir, gníomhaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Amherst Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis agus Béarla
Teaghlach
AthairAlexander Borisovich Gessen  agus Yelena Samuilovna Minkina
SiblínKeith Gessen
Gradam a fuarthas

IMDB: nm3426540 Facebook: gessen Twitter: mashagessen Instagram: mashagessen iTunes: 496759125 Musicbrainz: 1edc2d3d-b9d8-43cf-9c6a-65f552f5d4f6 Cuir in eagar ar Wikidata

A luathshaol cuir in eagar

Rugadh Masha Gessen isteach i dteaghlach Giúdach i Moscó. Sa bhliain 1981, agus í ina déagóir fós, bhog muintir Gessen go dtí na Stáit Aontaithe mar chuid de chlár athlonnaithe teifeach faoi choimirce rialtas na Stát Aontaithe.[1] Mar dhuine óg fásta sa bhliain 1991, chuaigh sí ar ais go Moscó, mar ar oibrigh sí mar iriseoir.[1] Tá saoránacht Rúiseach agus Mheiriceánach aici. Tá triúr deartháireacha aici: Keith, Daniel agus Philip Gessen.[2]

Gairmré Mhasha Gessen cuir in eagar

Bhí Gessen ar bord stiúrthóirí Thriantáin, eagraíocht i Moscó dírithe ar chearta LADT, ó 1993 go 1998.[3]

Sa bhliain 2008, scríobh Gessen 2008 próifíl ar Vladímír Pútín don iris úd Vanity Fair inar scríobh sí gur ógfhear é a bhí ag iarraidh a bheith ina bhithiúnach ("aspiring thug") agus gur thosaigh éabhlóid siar na Rúise laethanta i ndiaidh instealladh Phútín mar uachtarán sa bhliain 2000.[4]

Sa leabhar The Man Without a Face: The Unlikely Rise of Vladimir Putin, déanann Gessen cuntas ar éirí chun cumhacht Phúitín agus chúrsaí polaitíochta na Rúise go ginearálta san am úd. Foilsíodh an leabhar ar 1 Márta 2012 agus aistríodh í go 20 teanga.[5]

Eile cuir in eagar

Tá deartháir le Mhasha, Keith Gessen (r. 1975), ina scríbhneoir, iriseoir, aistritheoir agus leas-ollamh ag Ollscoil Columbia i gCathair Nua-Eabhrac.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Smith Rakoff, Joanna. "Talking with Masha Gessen". Newsday, 2 January 2005.
  2. Smith Rakoff, Joanna. "Talking with Masha Gessen, Newsday, 14 Meitheamh 2017.
  3. "Биография Мария Гессен".
  4. "Dead Soul". Vanity Fair. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Aibreán 2014. Dáta rochtana: 22 Aibreán 2022.
  5. Vuolo, Mike (14 March 2014). "Words Will Break Cement: The Passion of Pussy Riot". Slate.