Meán-saorchonair
Is é is meán-saorchonair[1][2] ann ná an meánfhad a thaistealaíonn adamh nó móilín roimh imbhualadh le ceann eile, de réir cineáil, 60 nm i ngáis. Úsáidtear an tsiombail l uirthi, agus tomhaistear i méadair (m) í. Tá an chainníocht seo tábhachtach i dtuiscint airíonna na ngás, in idirleathadh mar shampla, agus i bhfeiniméin cosúil le gluaiseacht cáithníní mar leictreoin is neodróin trí sholaid.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): meán-saorchonair” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-17.
- ↑ ““meán-saorchonair” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meánsaorchonair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 444.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |