Planda colgach ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip agus réigiún na Meánmhara. Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, tanaí ubhchruthach garbh, gais ar na cinn uachtaracha a chumann eití ar an bpríomhghas. An bláthra cornaithe. Na bláthanna cromtha, feadánach nó tonnadóirchruthach, bán, buí nó bándearg nuair a bhíonn ina mbachlóga, agus gorm nuair a bhíonn oscailte.