Na chéad eitiltí spáis Meiriceánacha a raibh foireann ar bord. Rinneadh an chéad eitilt fho-fhithiseach i 1961 le Alan Shepard i gceannas, agus an chéad eitilt fhithiseach i 1962 le John Glenn i gceannas. Thaispeáin na heitiltí trialacha seo gur fheidhmigh an córas cothaithe beatha ar bord go maith, agus d'fhoghlaim siad ceachtanna ar úsáid na roicéad moillithe chun teacht amach as an bhfithis, cosc le cúltarraingt na hathiontrála san atmaisféar, tuirlingt ar an uisce, agus tarrtháil an spásárthaigh ón bhfarraige. Rinneadh dhá eitilt fho-fhithiseacha agus 4 eitilt fhithiseach sa chlár. Réamhtheachtaire ar chláir Gemini is Apollo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.