Mismín
Is planda ilbhliantúil atá dúchasach do na réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh go príomha é mismín[1] (géineas Mentha). Na riosóim féithleannach, na gais cearnach i dtrasghearradh, na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna beag, bándearg go corcra, i bhfáinní is uaireanta i gcinn. Tagann a bholadh géar sainiúil óna bhláthola a mbíonn meantól inti. Hibridíonn mismíní go héasca, faoi shaothrú is sa nádúr. Fástar iad mar luibheanna is blastán don chistin. Bíonn bolaithe sainiúla ag na cineálacha éagsúla mismín sinséir, mismín piobair, cartlainn garraí, agus mismín anainn.[2]
Mentha | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | mint leaf (en) agus planda inite |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Fofhine | Nepetoideae |
Géineas | Mentha L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Mentha spicata |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Minthe (en) |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Mentha” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mismín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |