Naomh Ailbe

naomh

Ba naomh é Naomh AilbheNaomh Ailbe (Laidin: Albeus). Tá aithne air mar Alby (nó fiú Elvis) i mBéarla agus Eilfyw nó Eilfw i mBreatnais.

Naomh Ailbe
Saol
Bás528
Oideachas
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmsagart
Féile
12 Meán Fómhair

Áirítear Naomh Ailbhe mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sular tháinig Naomh Pádraig. Ach deirtear sna hAnnála Inis Faithleann gur éag sé sa bhliain 528[1].

Easpag agus athair faoistine a bhí ann. Tá traidisiún ann go ndeachaigh sé chun na Róimhe agus gur oirnigh an Pápa ina easpag é.

Bhunaigh sé mainistir in Imleach, a bhí ina dhiaidh sin ar cheann de mhórmhainistreacha na Mumhan. Tá riail de chuid an naoú haois ann, Riail Ailbhe, a chuirtear ina leith.

Bhí baint aige leis an mBreatain Bheag, le Naomh Dáibhí go háirithe. Deirtear gur eisean a bhaist Dáibhí.

Ceiliúrtar féile Ailbhe ar an 12 Meán Fómhair. Pátrún ar Ard-Deoise Chaisil agus Ailbhe é.

TagairtíCuir in Eagar