Oghma

dia i seanchas na nGael
(Athsheolta ó Ogma)

I Miotaseolaíocht na nGael, ba é Oghma (Sean-Ghaeilge Ogma) sliocht de chlann Tuatha Dé Danann. Meastar go minic gurbh é dia cainte agus teangan, chomh maith le solabharthachta agus foghlama. Deirtear gur chum sé an aibítir Ogham, a bhfuil ainmnithe as.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarOghma

Dealbh cré-umha d'Oghma le Lee Lawrie (1939). Library of Congress, Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an dia i miotaseolaíocht na nGael; má tá suim agat san iris liteartha, féach Oghma (iris).

Sinsearacht agus clann

cuir in eagar

Ba é Elatha a athair agus Eithne a mháthair a deirtear de ghnáth,[2] Éadaoin scaití.[3]. Sa chlann leis, bhí Daghdha, Fiacha, Delbáeth, Allód agus Bres. Ba iad Dealbhaodh[4] agus Tuireann beirt i measc a mhac.[5]

Faightear go minic é mar bhall de thré le Daghdha (a lándeartháir) agus Lugh (a leasdeartháir), aitheanta scaití mar na trí dé dána,[6][7] cé go dtugtar an t-ainm sin go dreamanna eile i bhfoinsí áirithe.

Gaol le Ogmios

cuir in eagar

Is amhlaidh go bhfuil gaol ann idir é agus dia na nGallach, Ogmios.

Tá sé molta ag scoláirí miotaseolaíocht na nGael gur iarsma é Oghma de dhia ársa ceilteach. Cuirtear é le taobh Ogmios (a chuirtear le taobh Heracles) de dheasca a chalmacht catha agus a chumadh Oghaim. Cuireann J. A. MacCulloch buafhocal Oghma, grianaineach, i gcomparáid le cur síos Lucian den "aghaidh aoibhiúil" Ogmios, agus molann gur laoch na dTuath Dé de bharr "an tsean-nóis um croíthe na laochra roimh chath a tharraingt le hóráidí solabhartha",[8] cé nach bhfuil a leithéid soiléir sna téacsanna. Séanann scoláirí mar Rudolf Thurneysen agus Anton van Hamel nasc ar bith idir Oghma agus Ogmios.[1]

Cath Mhaighe Tuireadh

cuir in eagar

Throid Oghma sa chéad chath Mhaighe Tuireadh, nuair a chuir na Tuatha Dé na Fir Bholg faoi chois agus chloígh Éire.[9]

Agus an leath-Fhomhórach Bres i réim, cuireadh na Tuatha Dé faoi chois. B'éigean d'Oghma adhmad tine a iompair, ach ba é an t-aonar a chalmacht a chruthú os comhair an rí. Cuireadh Bres dá choróin, agus cuireadh an full line na dTuath Dé ar ais faoi Nuada Airgeadlámh, agus ba é Oghma a churadh. Nuair a tháinig Lugh ar an bhfód agus bhagairt a chumhacht, thug Oghma dúshlán dó, ag ardú a leac mhór (nárbh fholáir de ghnáth ochtó damh chun í a bhogadh) agus chaith le teannadh í as Teamhair. Thug Lugh a fhreagra, ag caitheamh an leac ar ais.

Cheap Nuadu Lugh ina cheannaire ag an gCath, agus d'éirigh Oghma ina churadh Lugh. Gheal sé go maródh sé rí na bhFormhóraigh, Indech, agus go gcloífeadh trian dá arm. I rith an chatha, d'aimsigh sé Orna, claíomh rí na bhFormhóraigh Tethra, a d'insíodh faoi gníomhartha déanta agus é lom. I rith an chatha, thit Oghma agus Inneach i gcomhrac aonair. Tá roinnt éiginnteachta sna téacsanna, ámh; in Cath Maighe Tuireadh, tar éis an chatha, chuaigh Oghma, Lugh agus Daghdha triúr sa tóir ar na Fomhóraigh, chun cláirseach Uaitne, cruitire an Daghdha, a fháil ar ais.[10][11][12]

  1. 1.0 1.1 James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 310
  2. Fraser 1915, §49; Stokes 1891, lch. 77
  3. Stokes 1891, lch. 69
  4. Macalister 1941, §64
  5. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Fate of the Children of Turenn", Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co, 1936, lch. 49
  6. Stokes 1891, ll. 81, 83, 109
  7. A. H. Leahy (eag. & aistr.), "The Wooing of Étain" §18, Heroic Romances of Ireland Volume II, 1902
  8. J. A. MacCulloch, The religion of the ancient Celts. New York: Dover Publications, 1911, Ch. V. ISBN 0-486-42765-X
  9. J. Fraser (eag. & aistr.), "The First Battle of Moytura", Ériu 8, ll. 1-63, 1915
  10. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: Book of the Taking of Ireland Part 4, Irish Texts Society, 1941
  11. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "The Second Battle of Moytura", Revue Celtique 12, ll. 52-130, 306-308, 1891
  12. Vernam Hull (eag. & aistr.), "Cairpre mac Edaine's Satire Upon Bres mac Eladain" Zeitschrift für celtische Philologie 18, 1930