Ba theideal gairme d'Ard-fhile na nGael ab ea Ollamh Éireann (Sean-Ghaeilge Ollam[1] Érenn).

Filebard na litríochta nó na staire ab ea ollam ('is mó' go litriúil). Bhíodh a ollamh féin ag gach taoiseach nó tuath. Bhíodh ard-ollamh i ngach cúige, mar shampla, cúige na nUladh, ar comhchéim shóisialta le rí na cúige. Thar ollaimh na gcúigí, bhíodh Ard-Ollamh (Rí-Ollam, Rí-Eigeas, Príméces) nó "Ollamh Éireann" i réim, ó am go chéile ar a laghad.

De ghnáth taobh istigh de ríocht Éireann, thagadh an agus an tArd-Ollamh don ríocht go léir as tuath ar leith, an ceann is cumhachtaí. I gcúige Uladh, bhítí in iomaíocht go dian le haghaidh na hard-chumhachta, agus ó am go céile malartaithe idir na sleachta iomaíocha clanna iomaíocha, Dál Fiatach agus Dál nAraidi.

Stádas sóisialta

cuir in eagar

B'ionann stádas sóisialta an Ollaimh Éireann agus an tArd-Rí, agus bhí aige féin a phálás agus lucht coimhdeachta, de ghnáth 30 ollamh i dteannta lena ngiollaí. De réir na dlíthe sómhara, bhí cead aige é féin a ghléasadh le héadaí sé-dhathach, maraon leis an rí. Choinnítí craobh óir thar chionn an ollaimh; bhíodh craobh airgid ag an ánradh, agus craobhacha cré-umha ag na filí eile.

Is léir gur leath-oidhreachtúil é an gairm, óir go ndeirtear i Uraicecht na Ríar ("Bunleabhar na gCoiníollacha", eag. Liam Breatnach, DIAS 1987) nach féidir ollamh a dhéanamh de dhuine acu amháin gurbh fhilí a ghealfhine (is é sin, dá mba fhilí iad a athair agus a sheanathair). Ar dtús, ceapadh an an t-ollamh ag an rí, ach faoin 6ú haois, thoghtaí é ag na hollaimh eile.

Seanscéalta

cuir in eagar

Sa scéal de chuid na Rúraíochta, "Immacallam in dá Thuarad"[2] faightear tuairim is caint uaillmhianach an Ard-Ollaimh.

I scéal eile, "Tromdámh Guaire"[3] nó "Imtheacht na Tromdhaimhe",[4] tugtar cur síos glé ar an Ard-Ollamh i dteannta lena lucht coimhdeachta i mbun cuairt a thabhairt ar thaoisigh na dtuath.

I Leabhar Gabhála na hÉireann, insítear scéal faoi Ollamh Fodhla[5]

Dualgais agus táillí

cuir in eagar

De réir nóis ársa, b'éigean do ríthe agus taoisigh bia agus síntiúis a thabhairt do bhuíonta fáin na n-ollamh, de ghnáth 30 ann, rud a bhíodh ina eire mór orthu. Dá ndiúltóidís, d'aorfaí iad.

Gaireadh Tionól Droma Ceat c. A.D. 575 chun dlíthe nua a chur i bhfeidhm um na n-ollamh a smachtú. Deirtear i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn go ndéana Naomh Colm Cille idirghabháil ar a son.

PríomhOllúna

cuir in eagar

Ré réamhstairiúil

cuir in eagar

Luathmheánaois

cuir in eagar

Meánaois dhéanach

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ollam ar eDIL
  2. "BlueDomino". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 May 2015.
  3. "Tromdámh Guaire".
  4. Connellan, T. (1860). "The Proceedings of the Great Bardic Institution". O'Daly. Dáta rochtana: 29 May 2015. 
  5. "Genealogical tracts, lch. 6" (1932). Stationery Office. Dáta rochtana: 28 November 2012.