Feabhsú plandaí atá tábhachtach sa talmhaíocht is an ghairneoireacht, trí roghnú cineálacha feabhsaithe ó mheascáin, nó hibridiú is roghnú na ngéinitíopaí fabhracha. Ar dtús bhíodh an próiseas seo bunaithe den chuid is mó ar dhlíthe oidhreachta Gregor Mendel ar hibridí taobh istigh de speiceas nó idir speicis ghaolmhara, ach i bhfad níos casta faoi dheireadh an 20ú céad, go minic le tabhairt isteach airíonna ó phlandaí difriúla, fiú ainmhithe, trí innealtóireacht ghéiniteach. Is conspóideach an obair é go minic, go príomha nuair a thugtar táirgí trasghéineacha isteach mar bhia do dhaoine nó ainmhithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pórú plandaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 534.