Peter Charles Doherty

imdhíoneolaí Astrálach

Imdhíoneolaí a rugadh i mBrisbane na Astráile, a fuair amach i 1974, lena chomhghleacaí Rolf Zinkernagel, conas go beacht a aithníonn an córas imdhíonach cealla atá ionfhabhtaithe le víreas is ea Peter Charles Doherty (a rugadh ar 15 Deireadh Fómhair 1940). Bhuaigh siad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1996 as seo. Cheaptaí gur leor an víreas féin a bheith sa bhfuil chun an córas imdhíonachta a spreagadh chun feidhmithe, tríd an víreas a aithint mar antaigin ag antasubstaintí na fola is na T-chealla a chur á ndíothú. Ach bíonn na víris istigh i gcealla éagsúla, agus conas a d'aithneodh an córas na cealla infhabhtaithe thar na cealla sláintiúla? Thaispeáin na taighdeoirí nach ndéanann na T-chealla trodacha a gcuid oibre ach nuair a bhíonn dhá réamhchoinníoll ann: antaiginí ón víreas (nó ón mbaictéar), agus próitéiní histeachomhoiriúnacha cuí. Ba chéim mhór ar aghaidh an léargas seo chun modh oibre na himdhíonachta a mhíniú.[1]

Infotaula de personaPeter Charles Doherty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Deireadh Fómhair 1940
83 bliana d'aois
Brisbane, Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Ollscoil Queensland
Indooroopilly State High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreImdhíoneolaíocht
Gairmimdhíoneolaí, tréidlia, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Sussex
Ollscoil Tennessee, Knoxville
Ollscoil Melbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinpeterdoherty.com.au Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ProfPCDoherty Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Peter Charles Doherty". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 218.