Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún
Ba gníomhaí cearta daonna agus síochánaí Éireannach ó Choill an Chollaigh i gContae an Chabháin a bhí go mór ar son ceart vótála do mhná é Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún nó Francis Sheehy-Skeffington i mBéarla (23 Nollaig 1878 – 26 Aibreán 1916).
Spréach sé leis na héagóracha follasacha a bhí ann ag an am. Bhain íoróin nach beag leis nuair a cuireadh i bpríosún go héagórach é, íospartach neamhchiontach san aighneas 1916, agus dúnmharaíodh é.
SaolCuir in Eagar
Ba chéimí é de chuid UCD agus reachtaire ar Chumann L&H, COBÁC. Ba chara é le James Joyce, Oliver St. John Gogarty, Tom Kettle, agus athair Conor Cruise O'Brien.
Phós sé Hanna Sheehy sa bhliain 1903 agus ghlac sé lena sloinne ina ainm féin. Tugadh Skeffy air scaití.
Throid Sheehy Skeffington go tréan chun cearta vótála mná a fháil in Éirinn; bhunaigh sé an foilseachán "The Irish Citizen" lena bhean chéile.[1]
DúnmharúCuir in Eagar
Dúnmharaíodh Sheehy Skeffington le linn Éirí Amach na Cásca. Gabhtar é ar 25 Aibreán 1916 in Portobello. Níor ghlac Sheehy Skeffington aon pháirt san éirí amach. Bhí grúpa daoine á chruinniú aige ag an am chun cosc a chur ar chreach siopaí agus gnóthaí.
Coimeádadh siar faoi choinneáil é agus, ar deireadh, lámhachadh é ag saighdiúirí na Breataine faoi threoir J.C. Bowen-Colthurst, captaen (cinneadh a tharraing trioblóid air níos déanaí).[3]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Watkins, Sarah-beth.. "Irelands suffragettes - the women who fought for the vote.". OCLC 1023177652.
- ↑ "Bóthar Ráth Maonais Íochtarach/Rathmines Road Lower" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.
- ↑ "UCD - DEICH MBLIANA - Decade Of Centenaries" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2020-04-24.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |