Q-fhiabhras
Ionfhabhtú a gcuireann miocrorgánach ar leith tús leis. Tá an miocrorgánach seo forleathan sa nádúr, ag inmhíolú caorach is eallaigh go háirithe. Tolgann daoine faoin tuath é trí thadhall díreach le hainmhithe ionfhabhtaithe nó ionanálú deannaigh in áitreabh truaillithe. Bíonn an galar cosúil le fliú, ach is féidir go dtarlóidh aimhréidh, niúmóine nó ionchairdíteas (ionfhabhtú líneáil an chroí is comhlaí an chroí). Is féidir é a chóireáil leis an bhfrithbheathach teitriciglín.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Q-fhiabhras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 543.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |