Québec

Réigiún i gCeanada
(Athsheolta ó Québéc)

Is náisiún i Meiriceá Thuaidh agus an cúige is mó (ó thaobh achair de) i gCeanada é Québec. An dara cúige Ceanadach is mó de réir daonra (8.215) milliún i mí Iúil 2014, nó 24% de mhuintir Cheanada) atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilQuébec
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Je me souviens» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilulchabhán sneachtúil, Betula alleghaniensis, Iris versicolor, fleur-de-lis (en) Aistrigh agus Limenitis arthemis arthemis Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósCathair Québec Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52° N, 72° O / 52°N,72°W / 52; -72
Stát ceannasachCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCathair Québec Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,501,833 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5.51 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,542,056 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce11.5 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Champlain, Abhainn Saint Lawrence agus Bá Hudson Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Caubvick (en) Aistrigh (1,651 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Artach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síCanada East (en) Aistrigh, Ungava District (en) Aistrigh agus Province of Canada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Iúil 1867
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisparliamentary democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Québec Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachReachtas Québec Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc Cheanada Cuir in eagar ar WikidataSéarlas, Prionsa na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-aire Québec Cuir in eagar ar WikidataFrançois Legault (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil449,051,000,000 $ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistG, H agus J Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2CA-QC Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinquebec.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: GouvQc Twitter: gouvqc Youtube: UCgi4UW4SNeYNl4n-AEvgKoQ Youtube: gouvernementduquebec9928 Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc ar Montréal

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil. Is é Québec an t-aon chúige i gCeanada ina bhfuil an Béarla ina mhionteanga, agus tá sé ar cheann den dá chúige ina bhfuil an Fhraincis ina teanga oifigiúil, in éineacht le New Brunswick.

Is í Cathair Québec an phríomhchathair, agus is í Montréal an chathair is mó. Is é François Legault den CAQ príomhaire Québec.

Bhí cónaí ar 7,903,001 duine i Québec sa bhliain 2011. Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Québec agus í mar an t-aon mháthairtheanga do 78% do dhaonra Québec. Tugtar Québécois ar mhuintir Québec as Fraincis.

Ba í an Béarla an teanga neamhoifigiúil is comónta sa chúige agus í mar an mháthairtheanga do 8% do dhaonra Québec. Bhí 43% do dhaonra Québec dátheangach sa Fhraincis agus sa Bhéarla ag an am.

Ba mhaith leis na Québécois a dteanga a choinneáil gan tionchar ón Bhéarla. Léirítear é seo ar chomharthaí bóithre mar shampla; sa dóigh is go gcuirtear "ARRÊT" (an bhriathar stad sa Fhraincis) in ionad "STOP". Is é "STOP" an focal roghnaithe in úsáid ámh i mórchuid na dtíortha eile a bhfuil Fraincis mar phríomhtheanga acu. Is dócha gur sampla é seo den bhród atá acu dá dteanga agus dá gcultúr. Deir cuid mhór daoine eile áfach gurb ionann é seo agus frith-Shasanachas nó frith-Bhéarlachas i bhfeidhm go hoifigiúil.

Thug Uachtarán na Fraince, Charles de Gaulle, cuairt ar Québec ar an 24 Iúil 1967. Chruthaigh sé atmaisféar deacair do chaidreamh polaitíochta idir an Fhrainc agus Ceanada nuair a scairt sé i láthair slua mhóir ar an taobh amuigh de Halla na Cathrach i gCathair Québec "Québec go brách! Québec saor go brách!" [1]. Ina dhiaidh sin, chuir sé le sin, á rá "Ceanada Francach go brách! Agus an Fhrainc go brách!" [2].

Cé gur léir ón scannán seo gur thacaigh an chuid is mó den tslua a bhí bailithe len é a fheiceáil leis an mhéid a bhí le rá aige, léirigh an rialtas in Ottawa a mhíshuaimhneas, á rá "Ní gá do Cheanadaigh a bheith saortha. Muise, chaill na mílte Ceanadach a mbeatha ar son shaoirse na Fraince agus tíortha Eorpacha eile" [3] Cheap na náisiúnaithe go raibh de Gaulle ag tacú leofa, agus d'ardaigh a gcuid den vótáil san olltoghchán ina dhiaidh.

Ar an 16 Deireadh Fómhair 1970, feallmharaíodh Pierre Laporte, leas-Príomh-Aire Québec (bhí cead ag na sceimhlitheoirí dul chuig Cuba).

I reachtaíocht a cuireadh i bhfeidhm siar sna 1970idí ba í an Fhraincis an t-aon teanga ar féidir úsáid i gcúrsaí gnó ó thaobh ainmnithe de. Mar shampla athraíonn comhlachtaí móra a n-ainmneacha agus iad lonnaithe i Québec de réir an dlí, m.sh. tugtar Shoppers Drug Mart ar shiopa áirithe i dToronto, ach cuirtear Pharmaprix ar bhrainse den tsiopa céanna i Montréal, agus i gCathair Québec labhraítear ar Bureau en Gros in áit Staples i Vancouver.

Bhí dhá reifreann i Québec fá dtaobh de scoilteadh ón chuid eile de Cheanada. Tharla an chéad cheann i 1980 agus an darna ceann i 1995. Ba mhór an tacaíocht a fuair siad ón Parti Québécois (na náisiúnaithe Québecois agus an páirtí polaitíochta is mó sa chúige) os rud é gurbh iadsan a chuir toiseacht leis an fheachtas. Theip orthu. Diúltaíodh an chéad cheann le 59.56% (in aghaidh neamhspleáchais) agus 40.44% (ar a shon). Léiríodh níos mó tacaíochta don reachtaíocht an dara babhta ámh, nuair a diúltaíodh í le 50.58% (ina aghaidh) agus 49.42% (ar a shon).

 
Bóthar i Mont-St.-Grégoire, baile beag tipiciúil in Québec, é feistithe le haghaidh na Nollag

Géilleagar

cuir in eagar

Ba C$357,859bn an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Québec sa bhliain 2012.[4]

Mac Aodha Bhuí, Fionntán (1968). Anam do-chloíte Quebec. FNT.

  1. "Vive le Québec! Vive le Québec libre!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
  2. "Vive le Canada français! Et vive la France!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
  3. "Canadians do not need to be liberated. Indeed, many thousands of Canadians gave their lives in two world wars in the liberation of France and other European countries." a dúirt Príomh-Aire Cheanada Lester Bowles "Mike" Pearson
  4. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 13 Mí na Samhna 2013

5.http://www12.statcan.gc.ca/census-recensement/2011/dp-pd/prof/details/Page.cfm?Lang=E&Geo1=PR&Code1=24&Geo2=PR&Code2=01&Data=Count&SearchText=Quebec&SearchType=Begins&SearchPR=01&B1=All&GeoLevel=PR&GeoCode=24