Tonnta imtharraingteacha
(Athsheolta ó Radaíocht imtharraingteach)
Réamhinsítear ó theoiric na coibhneasachta ginearálta, má tharlaíonn athruithe i mais ollmhór (mar shampla, má shleabhcann réalta ina dúpholl) go dtáirgfidh sé sin mionluascthaí sa spás-am a fhorleathfaidh amach go gathach ón bhfoinse ar luas forleata an tsolais. Déanfaidh na tonnta seo díchumthaí in aon réad ollmhór a dtéann siad tríd.
I 1974 d'fhionn Russell Hulse (1950-) agus Joseph Taylor (1941-) pulsár a bhí ag timpeallú compánach-réalta dofheicthe, ach an tréimhse fithisithe ag laghdú mar a réamhinsíodh do chóras a bheadh ag cailliúint fuinnimh trí radú tonn imtharraingteach.
Bronnadh Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1993 orthu as.
Níor éirigh le brathadóirí tonn imtharraingteach ar Domhan na tonnta seo a bhrath fós.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tonnta imtharraingteacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |