Raymond Dart
Anatamaí agus pailé-antraipeolaí a rugadh i mBrisbane na hAstráile ab ea Raymond Arthur Dart (4 Feabhra 1893 – 22 Samhain 1988). Sa bhliain 1924 agus i ndiaidh dó post ag Ollscoil an Witwatersrand san Afraic Theas a ghlacadh, fuair sé dhá bhosca lán de chnámha, bhlaoscanna agus eile ó úinéir cairéal aolchloiche in Taung, i gCúige an Iarthuaiscirt na tíre úd. D'aithin sé iontaise Australopithecus africanus, ar glacadh léi mar fhianaise le teoiric Darwin gurbh í an Afraic cliabhán an chine dhaonna. Blaosc duine óig a bhí ann agus baisteadh "Páiste Taung" air. Fuair Dart bás in aois a 95 bliana in Johannesburg.[1]
(1968) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Feabhra 1893 Toowong, Queensland |
Bás | 22 Samhain 1988 95 bliana d'aois Johannesburg, An Afraic Theas |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University College London Ollscoil Sydney Ollscoil Queensland |
Céim acadúil | Doctor of Sciences in Medicine (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Antraipeolaíocht |
Gairm | antraipeolaí, múinteoir ollscoile, anatamaí, pailé-antraipeolaí, seandálaí, réamhstaraí, pailé-ointeolaí |
Fostóir | Ollscoil Witwatersrand |
Teangacha | Béarla |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Raymond Arthur Dart". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 199.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |