Scoilteanna hidriteirmeacha
Toibreacha teo ar ghrinneall na farraige ar feadh na scoiltghleannta ar na sceireacha aigéanacha is i scoilteanna bolcánacha eile. Go minic deascann suilfídí is ocsaídí miotal ón tuaslagán hidriteirmeach te (timpeall 350 °C) a thagann amach ar an ngrinneall, agus tógann siad sin struchtúir suas le 10 m ar airde a dtugtar simléirí orthu. Bíonn tiúchan ard suilfíd hidrigine san uisce hidriteirmeach, agus is bunús é sin le méid ollmhór baictéar a ocsaídíonn sulfar. Bíonn na baictéir seo ag bun biashlabhra ilghnéitheach farraige a bhíonn lonnaithe mórthimpeall ar na scoilteanna hidriteirmeacha, ceann annamh nach mbraitheann ar fhótasintéis nó radaíocht na Gréine mar bhunfhoinse fuinnimh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scoilteanna hidriteirmeacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |