Sidney Altman
bithcheimicí Ceanadach
Bithcheimicí a rugadh i Montréal ab ea Sidney Altman. Ar 7 Bealtaine 1939 a rugadh é. Thaispeáin sé gur féidir leis an móilín RNA é féin a athchóiriú chun an t-ábhar a tháirgeann sé a athrú, gan aon ghá le heinsím chuige. Mar sin, is féidir le RNA feidhmiú mar einsím air féin. Ba bhriseadh é seo trí bhac sa tuiscint ar phróisis ghéiniteacha. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic le Thomas Cech i 1989 as an obair seo. Fuair sé bás ar an 5 Aibreán 2022.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Bealtaine 1939 Montréal, Quebec |
Bás | 5 Aibreán 2022 82 bliana d'aois Rockleigh, New Jersey |
Áit adhlactha | Congregation Mishkan Israel Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts Ollscoil Colorado, Boulder |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bitheolaíocht mhóilíneach agus bithcheimic |
Gairm | bitheolaí, acadóir, fisiceoir, múinteoir ollscoile, bithcheimiceoir, ceimiceoir, bitheolaí móilíneach, bithfhisiceoir |
Fostóir | Ollscoil Harvard |
Ball de | |
Spéis aige/aici i | Bitheolaíocht mhóilíneach |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Benjamin C. Stark |
Teaghlach | |
Céile | Ann M. Altman |
Gradam a fuarthas | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sidney Altman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 33.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |