Sinséar
speiceas plandaí
Planda ilbhliantúil atá dúchasach d'oirdheisceart na hÁise is ea an planda sinséir[1] nó sinséar. Fásann an gas 1 m ar airde. Riosómach atá ann. Na duilleoga le gais cumhdaigh in dhá líne; na bláthanna buí corcra coimpléascach seasc, cosúil le bláthanna magairlíní, i spící fada dlútha le brachtanna buí is glasa thar chiumhais a chéile. Spíosra tábhachtach, fiú sa sean-am. Tugadh don Eoraip ar dtús é sa 1ú céad AD. Cuimsíonn sé a riosóm bláthola a úsáidtear i gcumhráin, bianna is deochanna (leann is beoir sinséir, mar shampla). De bhrí go mbíonn na bláthanna seasc, síolraítear é ar mhodh plandúil.[2]
Zingiber officinale | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | sinséar, ginger rhizome (en) agus Zingiberis Siccatum Rhizoma (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Stádas caomhnaithe | |
Easpa sonraí | |
UICN | 88308170 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Zingiberales |
Fine | Zingiberaceae |
Géineas | Zingiber |
Speiceas | Zingiber officinale Roscoe, 1807 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Zingiber officinale” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sinséar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 599.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |