An difríocht idir athruithe ar: "Reiseirpín"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Druga a fhaightear ón tor Rauwolfia serpentina, a úsáideadh leis na céadta bliain i míochaine Hiondúch mar chóireáil ar hipirtheannas, easuan, neamhoi...'
(No difference)

Leagan ó 16:55, 4 Samhain 2013

Druga a fhaightear ón tor Rauwolfia serpentina, a úsáideadh leis na céadta bliain i míochaine Hiondúch mar chóireáil ar hipirtheannas, easuan, neamhoird mheabhracha is ghalair eile. In úsáid san iarthar le blianta beaga mar shuaimhneasán agus le síocóis a mhaolú. Faoi seo tá drugaí níos cumasaí sábháilte ina áit, bíodh is go n-úsáidtear é uaireanta i gcás hipirtheannais.