Alice Milligan

file Éireannach

File agus scríbhneoir Éireannach a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge ab ea Alice Milligan (4 Meán Fómhair 186513 Aibreán 1953).[1][2] Rugadh í insan Ómaigh, Contae Thír Eoghain, agus fuair sí bás ina baile dúchais chomh maith.

Infotaula de personaAlice Milligan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Meán Fómhair 1865
Bás1953
87/88 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Meitidisteach, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínCharlotte Milligan Fox

A Saol cuir in eagar

Rugadh agus tógadh í mar Mheitidisteach ins An Gort Mór, gar go hÓmaigh, Contae Thír Eoghain. Ba é an scríbhneoir, ársaitheoir agus ball de Acadamh Ríoga na hÉireann, Seaton Milligan, athair Alice. Bhí deich siblín ag Milligan, an bailitheoir ceoil, Charlotte Milligan Fox san áireamh. Ó 1877 go 1887 d'fhreastail sí ar an gColáiste Meitidistigh, Béal Feirste agus fuair sí oiliúint mhúinteora i ndiaidh sin. Scríobh sí féin agus a athair cuntas taistil polaitúil faoi Thuaisceart na hÉireann in 1888 darbh ainm Glimpses of Erin. Scríobh sí a céad úrscéal, A Royal Democrat, in 1890.

I ndiaidh bás Parnell in 1891, d'éirigh sí náisiúnaíoch. In 1894 bhunaigh sí brainsí Cumann Ban na hÉireann i mBéal Feirste agus áiteanna eile le Jenny Armour. B'í an chéad Uachtaráin Cumann Ban na hÉireann chomh maith. Bhunaigh sí dhá fhoilsitheoireacht náisiúnach le Ethna Carbery sna 1890idí, The Northern Patriot, agus níos déanaí The Shan Van Vocht, irishleabhar liteartha míosúil foilsithe i mBéal Feirste ó 1896 go 1899.

Ba phearse den gclapsholas Ceilteach í chomh maith. Bhí sí cairdiúil le Dubhghlas de hÍde, WB Yeats, Séamus Ó Conghaile agus Ruairí Mac Easmainn. Rinne Tomás Mac Donnchadha cur síos uirthi san Irish Review I mí Meán Fómhair 1914 mar an 'best Irish poet of his generation'.

Tagairtí cuir in eagar