Gluaiseacht thábhachtach san ealaín ba ea an tImpriseanachas. Thosaigh sé sa Fhrainc sna 1860idí, bíodh is go raibh réamhghabháil uirthi i radhairc tíre an phéintéara Shinigh Shen Zhou (1427-1509), William Turner,, srl.

Impression, soleil levant le Claude Monet, 1872

Modhanna cuir in eagar

Stíl ealaíne ba ea an Impriseanachas a rinne iarracht ar thionchar an tsolais ar dhromchlaí éagsúla a ghabháil (go háirithe i suímh amuigh faoin aer) agus ar a bhfeiceann an tsúil ag meandar áirithe a thaifeadadh.[1]

Chlaochlaigh an t-impreiseanachas an phéinteáil, ag úsáid dathanna geala agus stríoca scáinte scuaibe. Thuig na hImpriseanaithe an dóigh ab éifeachtaí le dathanna a thabhairt chun beatha agus iad curtha taobh lena chéile ar an chanbhás.[2]

 
Renoir - A Girl with a Watering Can, 1876

I gcodarsnacht le réalachas sóisialta phéintéireacht Gustave Courbet (1819-1877) agus eile, pictiúir gheala spéiriúla a rinne na himpriseanaithe, agus iad fíorchoitianta ó shin i leith[3].

Ba é a chuspóir an gnáthshaol a thaifeadadh le húire agus le garchóngaracht láithreach, mar éirí amach i gcoinne an rómánsachais a chothaigh mealladh na déine tochtmhaire san ealaín. Spreag an dul chun cinn sa ghrianghrafadóireacht agus i dtaighde eolaíochta ar an dath agus ar an solas é.

Péintéirí cuir in eagar

I measc na bpéintéirí a bhain leis, bhí Monet (1840-1926), Pissarro (1830-1903), Sisley, Degas, agus Renoir (1841-1919). Ghlac siad go léir leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair siad a stíl phearsanta féin..[4]

Léirmheastóir a thug an t-ainm orthu tar éis pictiúir de chuid Monet, Impression, soleil levant ("Imprisean": Éirí Gréine), a fheiceáil i 1872. Shéan siad dathanna dorcha na saotharlanna péintéireachta, agus rinne a gcuid péintéireachta amuigh faoin spéir chun iarmhairtí is dathanna lonracha sholas na Gréine ar uisce, crainn, páirceanna, agus mná áille a ghabháil is a léiriú.

Gailearaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. NCAA. "Na hAmharcealaíona". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-18. Dáta rochtana: 2022.
  2. Ciara Nic Gabhann (2007). "Rembrandt – máistir an ionracais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-01-29.
  3. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  4. Ardteist ː Art history and appreciation, higher paper (2012)