Sponc
speiceas plandaí
Planda ilbhliantúil le riosóim fhada scothbhána atá dúchasach don Eoraip, iarthar is tuaisceart na hÁise, agus tuaisceart na hAfraice is ea sponc[1] (nó Gallán greanchair). Na duilleoga uile bunata, suas le 15 cm ar leithead, cruinn go dtí rud beag maothánach, le feilt bhán ar an taobh thíos. Na bláthchinn geal buí, aonarach ar ghas suas le 15 cm ar airde, a thagann amach roimh na duilleoga. Seanleigheas luibhe ar an tinneas cliabhraigh.[2]
Tussilago farfara | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Tussilago farfara leaf extract (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Treibh | Senecioneae |
Géineas | Tussilago |
Speiceas | Tussilago farfara L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Tussilago farfara” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sponc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 619.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |